Seasann guth Jidi Majia, lena neart agus samhlaíocht dhian, mar ghuth ionadaíoch d'éagsúlacht phobail eitneacha na Síne. Aistrithe go Gaeilge ag Simon Ó Faoláin, tarraingionn a dhánta go láidir ar mhiotais, traidisiúin agus creideamh seamanach na Nuosu, chomh maith le dúlra naofa a gceantair dúchais. Tríd an bhfilíocht seo léirítear cultúr atá fréamhaithe go daingean i bhforaiseacha, sléibhte agus ainmhithe an cheantair sin, is a aithníonn tionchar spioraid na sinsear a d'imigh roimhe mar ghné bhuan den saol laethúil. Ach anuas ar an méid sin, óna bhunús láidir áitiúil léiríonn an file seo dearcadh coinsiasach domhanda a dhíríonn ar chás na bpobal eitneach mionlach atá á mbascadh is á gcreimeadh faoi ualach na mórchultúr ar fud na cruinne.
- | Author: Jidi Majia, Simon Ó Faoláin
- | Publisher: Southword Editions
- | Publication Date: Aug 24, 2020
- | Number of Pages: 118 pages
- | Language: Irish
- | Binding: Paperback
- | ISBN-10: 1905002785
- | ISBN-13: 9781905002788